Jump to content

Bon

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
Bosca Sonraí EagraíochtaBon
(bo) བོན། Cuir in eagar ar Wikidata

Cuir in eagar ar Wikidata
Sonraí
Cineáltraidisiún Cuir in eagar ar Wikidata
Stair
Bunaitheoir(í)Tonpa Shenrab Miwoche Cuir in eagar ar Wikidata
Gníomhaíocht
Ballraíocht400,000 Cuir in eagar ar Wikidata
An Tibéid
Radharc geimhridh
Cuir in eagar ar Wikidata
Íomhá
Cuir in eagar ar Wikidata
Sonraí
CineálLimistéar geografach, ardchríoch, réigiún cultúrtha agus críoch atá ina hábhar achrainn Cuir in eagar ar Wikidata
Tréith
Achar dromchla2,500,000 km²
Airde os cionn na farraige4,380 m
Suíomh geografach
SuíomhInner Asia (en) Aistrigh
Map
 29° 36′ N, 91° 06′ E / 29.6°N,91.1°E / 29.6; 91.1
ID GeoNames8449601
An yungdrung, siombail thábhachtach de chuid Bon

Reiligiún Tibéadach is ea Bon (Tib. བོན་ bon). Tugtar Bonpo (Tib. བོན་པོ་ bonpo) ar a lucht leanúna. Tá conspóid ann faoi bhunús Bon agus faoin mbaint atá aige leis an mBúdachas Tibéadach. De réir stair Bhúdaíoch na Tibéide, is é Bon reiligiún dúchasach na Tibéide, ar ar bhuaigh an Búdachas sa 8ú céad i ndiaidh bhreith Chríost. De réir sheanchas na mBonpo, forbraíodh Bon taobh thiar den Tibéid, i dtír ar a dtugtar Tazig (Tib. སྟག་གཟིག་ stag gzig). Ní furasta a rá cá raibh Tazig suite, agus tá siad ann a deir nach raibh ann ach tír fantaisíochta cosúil le tír Shambala i miotaseolaíocht Bhúdaíoch na Tibéide.

An creideamh a chleachtar sa Tibéid inniu faoi ainm Bon, níl na saineolaithe féin ar aon fhocal faoi cé acu craobh de chuid an Bhúdachais nó reiligiún ar leith atá ann. Deir an scoláire nua-aimseartha Geoffrey Samuel gur leagan ar leith den Bhúdachas Tibéadach é Bonpo, cé gur féidir gnéithe réamh-Bhúdaíocha a aithint air. Is é barúil John Powers nár tháinig Bon chun saoil mar thraidisiún reiligiúnach ar leith ach amháin faoi thionchar an Bhúdachais.