Eluned Morgan (polaiteoir)
Is polaiteoir Breatnach í Mair Eluned Morgan, Banbharún Trelái, PC (a rugadh ar an 16 Feabhra 1967) a bhí ina Céad-Aire ar an mBreatain Bheag agus ina Ceannaire ar Lucht Oibre na Breataine Bige ó 2024 go 2026,.[1] an chéad bhean agus an chéad chomhalta de Theach na dTiarnaí a bhí ina Céad-Aire.[2] Sular tháinig sí chun bheith ina Céad-Aire, bhí sí ina Rúnaí Comh-Aireachta um Shláinte agus Cúram Sóisialta ó 2021 go 2024.[3][4]



Beathaisnéis
[cuir in eagar | athraigh foinse]Rugadh agus tógadh Eluned Morgan in Trelái, Caerdydd, iníon leis an Urramach Canónach Bob Morgan agus Elaine Morgan. Cuireadh oideachas uirthi in Ysgol Gyfun Gymraeg Glantaf, bhuaigh sí scoláireacht go dtí United World College of the Atlantic agus bhain sí céim amach sa Léann Eorpach ó Ollscoil Hull. Iarcheannaire ar Cyngor Sir De Morgannwg (Comhairle Contae Dheisceart Morgannwg) ab ea a hathair, Bob.
D'oibrigh sé mar thaighdeoir do S4C agus don BBC agus mar Stagiaire i bParlaimint na hEorpa i 1990.
Polaitíocht
[cuir in eagar | athraigh foinse]Nuair a bhí sí 27 bliain d'aois, toghadh í mar Fheisire de Pharlaimint na hEorpa do Lár agus Iarthar na Breataine Bige i 1994, an FPE ab óige ag an am.
Ceapadh í chuig Teach na dTiarnaí in 2010 mar Bhanbharún Morgan ó dTrelái, [5] agus bhí sí ina hUrlabhraí don Fhreasúra ar Ghnóthaína mBreatnach ansin ó 2013 go 2016.
Toghadh Eluned Morgan mar Bhall Tionóil do Lár agus Iarthar na Breataine Bige in 2016.
Cainteoir Breatnaise, d'fhóin Morgan mar Aire na Breatnaise agus don Fhoghlaim ar feadh an tSaoil ó 2017 go 2021. I mí Dheireadh Fómhair 2020 rinneadh Aire Meabhairshláinte, Folláine agus na Breatnaise di le go bhféadfadh an tAire Sláinte, Vaughan Gething, díriú go hiomlán ar fhreagairt don choróinvíreas agus ar fheidhmíocht na Seirbhíse Sláinte Náisiúnta.
I mí Iúil 2024 d’fhógair Vaughan Gething go mbeadh sé ag éirí as mar cheannaire ar an Lucht Oibre sa Bhreatain Bheag agus mar Chéad Aire. An tseachtain dár gcionn d’fhógair Morgan go seasfadh sí mar chéad cheannaire eile an Lucht Oibre, le Huw Irranca-Davies ag feidhmiú mar ionadaí di. [6]
Mar cheannaire ar Lucht Oibre agus Céad - Aire na Breataine Bige, cháin sí cuid de na beartais a bhí curtha i bhfeidhm ag rialtas Keir Starmer. [7][8] Bhí sí ag iarraidh Lucht Oibre na Breataine Bige a scaradh ó cheannaireacht lárnach Lucht Oibre na Ríochta Aontaithe de chuid Starmer. [9][10]
I mí na Bealtaine 2026, rinne Plaid Cymru agus Reform UK dul chun cinn ollmhór ar chaillteanais an Lucht Oibre. Theip ar Morgan a suíochán sa Senedd a choinneáil, an chéad uair riamh do cheannaire reatha i bPáirtí an Lucht Oibre sa Bhreatain Bheag a shuíochán a chailleadh i dtoghchán tionóil. Le breis is 100 bliain bhí Lucht Oibre an páirtí is láidre sa Bhreatain Bheag, sé sin go dtí 2026.[11]
Tagairtí
[cuir in eagar | athraigh foinse]- ↑ "Eluned Morgan: Wales' new First Minister confirmed".
- ↑ sky.com (2024). "eluned-morgan-peer-and-former-mep-becomes-first-minister-of-wales".
- ↑ "Wales election: New health and education ministers in reshuffle" (en-GB). BBC News.
- ↑ "First Minister Vaughan Gething announces new Welsh Government Cabinet | GOV.WALES" (en).
- ↑ http://www.parliament.uk/biographies/lords/baroness-morgan-of-ely/4226
- ↑ Ní mór duit title = agus url = a shonrú nuair a úsáideann tú {{Teimpléad:Cite web-en}}. “” (cy). BBC Cymru Fyw (2024-07-23). Dáta rochtana: 2024-07-23.
- ↑ "'Renewing while in office: Welsh Labour begins the search for fresh Clear Red Water'" (en-GB).
- ↑ labourlist.org (2025). "MS warns of 'simmering discontent' with Westminster as Labour sees poll slump one year out from Senedd election" (en-GB).
- ↑ "Welsh Labour First Minister says she is 'losing patience' with Starmer's policies" (en-GB). The Guardian.
- ↑ "'The red Welsh way': Welsh Labour attempts to distance itself from the UK party" (en-US).
- ↑ Nuacht RTÉ (2026-05-08). "Reform UK chun cinn sa Bhreatain,An Lucht Oibre ag fulaingt" (as ga-IE).