Mallorca
|
|||||
| Aintiún | La Balanguera | ||||
| Suíomh | |||||
| |||||
| Stát ceannasach | an Spáinn | ||||
| Comhphobal féinrialaitheach de chuid na Spáinne | na hOileáin Bhailéaracha | ||||
| Daonra | |||||
| Iomlán | 949,047 (2024) | ||||
| • Dlús | 262.17 hab./km² | ||||
| Teanga oifigiúil | an Chatalóinis an Spáinnis | ||||
| Tíreolaíocht | |||||
| Cuid de | Gymnesian Islands (en) | ||||
| Deoise | Deoise Chaitliceach Majorca | ||||
| Achar dromchla | 3,620 km² | ||||
| Suite i nó in aice le limistéar uisce | an Mheánmhuir | ||||
| Pointe is airde | Puig Major (1,436 m) | ||||
| Ar theorainn le | |||||
| Sonraí stairiúla | |||||
| Éarlamh | Féile Mhuire gan Smál, Alphonsus Rodriguez agus Mare de Déu de Lluc (en) | ||||
| Eagraíocht pholaitiúil | |||||
| Comhlacht feidhmiúcháin | Mallorca Insular Council (en) | ||||
| Comhlacht reachtach | Mallorca Insular Council (en) | ||||
| Aitheantóir tuairisciúil | |||||
| Cód NUTS | ES532 | ||||
| Eile | |||||
| Suíomh gréasáin | conselldemallorca.cat | ||||
Is é Mallorca an t-oileán is mó de na hOileáin Bhailéaracha agus an t-oileán is mó sa Spáinn. Tá sé suite sa Mheánmhuir thiar, tuairim is 200 km ó chósta thoir na Leithinse Ibéirí, agus is é an seachtú hoileán is mó sa Mheánmhuir é. Clúdaíonn sé 3,640 km² agus bhí thart ar 940,000 duine ina gcónaí ann in 2023 (ii bhfad níos mó sa samhradh).[1] Is é Palma príomhchathair an oileáin agus príomhchathair chomhphobal féinrialaitheach na nOileán Bailéarach. Is í an La Balanguera amhrán oifigiúil an oileáin.
Tá dhá theanga oifigiúla ann, an Chatalóinis - an teanga dhúchais - agus an Spáinnis.[2] Cé go bhfuil clú idirnáisiúnta ar Mhallorca mar cheann scríbe turasóireachta — go háirithe i measc Gearmánach, Sasanach, Éireannach agus Ollannach — tá cultúr dúchasach an-bheo faoin tuath fós, agus is iad féilte na tine, na dimonis (na deamhain) ina measc, an taobh is suntasaí de.


Ainm
[cuir in eagar | athraigh foinse]Tagann ainm an oileáin ón Laidin chlasaiceach insula maior, "oileán mór". Sa mheán-Laidin rinneadh Maiorca de, is é sin "an ceann is mó" i gcodarsnacht le Menorca, "an ceann is lú". D'athraigh scríobhaithe Catalánacha an fhoirm Maiorca go Mallorca níos déanaí, agus is í an fhoirm sin an ceann caighdeánach ó shin.[1]
Tíreolaíocht
[cuir in eagar | athraigh foinse]Tá trí phríomhréigiún fhisiciúla ar an oileán. Síneann sléibhte na Serra de Tramuntana feadh an chósta thiar thuaidh ar feadh breis is 90 km; is ann atá Puig Major, an sliabh is airde ar an oileán, 1,436 m ar airde. Cuireadh tírdhreach cultúrtha na Serra de Tramuntana ar liosta Oidhreachta Domhanda UNESCO sa bhliain 2011, mar gheall ar na céadta bliain de shaothrú talún ar léibhinn chloch thirim, ar na córais uisce a tógadh chun na sruthanna sléibhe a threorú, agus ar na crainn ológ agus ar na crainn charóibe a fhásann orthu.
Tá machaire méith an Pla de Mallorca i lár an oileáin, áit a bhfuil na bailte talmhaíochta traidisiúnta cosúil le Sineu agus Petra, agus tá sléibhte ísle na Serres de Llevant ar an taobh thoir, áit a bhfuil córais mhóra pluaiseanna aolchloiche, ina measc Coves del Drac i Manacor. Tá aeráid Mheánmhuirí ann: samhraí teo tirim agus geimhrí boga báistiúla.
Tá dhá oileán bheaga in aice láimhe, Cabrera soir ó dheas ó Phalma agus Sa Dragonera siar uaidh, agus tá stádas cosanta ag an dá cheann.
I measc na speiceas is suntasaí ar an oileán tá an ferreret (Alytes muletensis), amfaibiach beag nach bhfaightear in aon áit eile ar domhan ach i ngleannta cúnga na Serra de Tramuntana.
Tá 53 bardas ar an oileán, agus roinntear ar shé cheantar iad (comarques): Palma, an Serra de Tramuntana, an Raiguer, an Pla de Mallorca, an Migjorn agus an Llevant.[1]
Stair
[cuir in eagar | athraigh foinse]Ón réamhstair go dtí an Róimh
[cuir in eagar | athraigh foinse]Shocraigh daoine ar na hOileáin Bhailéaracha den chéad uair sa tríú mílaois RC, agus is cosúil gurbh é teacht an duine ba chúis le díothú na dtrí speiceas mamaigh a bhí dúchasach don oileán roimhe sin. Thóg na daoine sin, agus a sliocht, na túir chloiche ar a dtugtar talaiots, a thugann a n-ainm do chultúr na dTalaiot. Tá na suíomhanna is fearr le feiceáil ag Capocorb Vell i Llucmajor agus ag Ses Païsses in Artà.
Tháinig na Féinícigh timpeall an ochtú haois RC agus thit an t-oileán faoi smacht na Cartaige ina dhiaidh sin. Ghabh na Rómhánaigh é in 123 RC faoi cheannas Quintus Caecilius Metellus Balearicus. Bunaíodh Pollentia (Alcúdia) agus Palmaria (Palma), agus bhí cáil ar shaighdiúirí an oileáin sna léigiúin Rómhánacha as a scil leis an gcrann tabhaill. Ba iad na hológa, an fíonsaothrú agus an salann bunchlocha an gheilleagair.[1]


Ré na Moslamach
[cuir in eagar | athraigh foinse]In 902 ghabh Issam al-Khawlani na hOileáin Bhailéaracha agus cuireadh faoi riail Mhoslamach Córdoba iad. Athdhearadh Palma agus tugadh Medina Mayurqa uirthi. Cuireadh feabhas mór ar an talmhaíocht le córais uisciúcháin agus le speicis nua plandaí, agus maireann ainmneacha Arabacha ar an talamh — Alfàbia, Binissalem, Sóller — go dtí an lá inniu.
Nuair a thit stát Córdoba as a chéile in 1015 tháinig an t-oileán faoi smacht Dénia, agus ansin ba stát beag neamhspleách é, sular ghabh ríshleachta Beirbeireacha ón Afraic Thuaidh é.[1]
An concas Catalánach agus Ríocht Mhallorca
[cuir in eagar | athraigh foinse]Sheol Séamus I, rí na hAragóine, ionradh a tháinig i dtír ag Santa Ponça ar an 8–9 Meán Fómhair 1229 le 15,000 fear. Thit Medina Mayurqa ar an 31 Nollaig 1229 agus cuireadh an t-oileán le Coróin na hAragóine faoin ainm Regnum Maioricae. Ba é an concas sin a thug an Chatalóinis chuig an oileán, agus tá sí á labhairt ann ó shin i leith.[1]
Idir 1276 agus 1343 bhí Ríocht Mhallorca ann mar stát ar leith faoi bhrainse de Theach Bharcelona, agus bhí Roussillon agus Montpellier faoina réim chomh maith. Is le linn na tréimhse sin a tógadh Caisleán Bellver agus a cuireadh tús le hArdeaglais Santa María. Chuir Peadar IV na hAragóine deireadh leis an ríocht neamhspleách in 1343.
Na Giúdaigh agus na xuetes
[cuir in eagar | athraigh foinse]Bhí pobal Giúdach láidir i bPalma sna meánaoiseanna, ina gcónaí sa Call — ceathrú na nGiúdach — agus bhí baint acu leis an trádáil, leis an leigheas agus leis an gcartagrafaíocht. Rinneadh slad ar an Call in 1391 agus ghéill roinnt mhaith den phobal don bhaisteadh ina dhiaidh, an cartagrafaí Jafudà Cresques ina measc. In 1435 cuireadh iallach ar na Giúdaigh a bhí fágtha iompú ina gCríostaithe, agus cuireadh deireadh go foirmiúil leis an nGiúdachas ar an oileán.[3]
Lean cuid de na hiompaithigh — na criptojueus — ag cleachtadh a gcreidimh faoi rún, agus tugadh Ionchoisne na Spáinne isteach go Mallorca in 1488 chun iad a lorg. Sna searmanais bhreithiúnais (autos de fe) a reáchtáladh in 1679 tugadh 218 duine os comhair na cúirte gan aon bhreith bháis; in 1691, áfach, daoradh 88 duine — dódh triúr acu ina mbeatha, an raibí Rafel Valls agus an deirfiúr agus an deartháir Caterina agus Rafel Tarongí ina measc.[3][4]
Ó na himeachtaí sin a d'eascair na xuetes: sliocht na n-iompaitheach, aitheanta ar chúig shloinne dhéag (Aguiló, Bonnín, Cortès, Fortesa, Fuster, Martí, Miró, Picó, Pinya, Pomar, Segura, Tarongí, Valentí, Valleriola agus Valls). Cé gur fhoilsigh Cárlos III cairteacha ríoga ina bhfabhar idir 1782 agus 1789, mhair an leithcheal sóisialta ina n-aghaidh — pósadh, gairmeacha agus áit chónaithe san áireamh — go dtí lár an 20ú haois. In 2023 ghlac Parlaimint na nOileán Bailéarach rún ag admháil an leatroim sin agus ag moladh oidhreacht Ghiúdach an oileáin a chur chun cinn.[3][5]
Ón 16ú haois go dtí an lá inniu
[cuir in eagar | athraigh foinse]Rinne longa creiche na mBarbarach ionsaí ar an oileán go minic sa 16ú agus sa 17ú haois, rud a d'fhág líonra túr faire agus séipéal daingnithe feadh an chósta. Ghéill an t-oileán do chabhlach na mBourbon ar an 2 Iúil 1715, an eachtra dheireanach de Chogadh Chomharbas na Spáinne. Le Foraitheanta Nueva Planta 1716 cuireadh deireadh le hinstitiúidí dúchasacha na ríochta agus rinneadh cúige Spáinneach den oileán, céim a laghdaigh go mór stádas oifigiúil na Catalóinise.[1]
Ag tús Chogadh Cathartha na Spáinne bhí Mallorca i seilbh na Náisiúnaithe. Rinne fórsaí Poblachtacha tuirlingt mhuirí ar an 16 Lúnasa 1936 agus bhrúigh siad 12 km isteach sa tír, ach mar gheall ar chumhacht aeir na nIodálach Faisisteach, b'éigean dóibh an t-oileán a thréigean faoin 12 Meán Fómhair. Tugtar Cath Mhallorca ar na himeachtaí sin.[1]
Ó na 1950idí i leith d'athraigh an turasóireacht ollmhór aghaidh an oileáin ó bhonn. Bhí beagnach trí mhilliún cuairteoir sa bhliain ann sna 1970idí; faoi 2017 bhí deich milliún ann. Chuir an fás sin brú ollmhór ar phraghsanna tithíochta, ar sholáthar uisce agus ar an teanga féin agus spreag an róthurasóireacht agóidí ollmhór i measc mhuintir na háite sna 2020idí.[1]


Daonra, geilleagar agus iompar
[cuir in eagar | athraigh foinse]Tá thart ar leath de dhaonra an oileáin ina gcónaí i bPalma féin agus an leath eile sa Part Forana, is é sin na bailte agus na sráidbhailte lasmuigh den phríomhchathair.[6] Is í an turasóireacht príomhfhoinse ioncaim an oileáin, agus is í an Ghearmáin, an Ríocht Aontaithe agus an Spáinn féin na margaí is mó. Tá Éire go seasta i measc na ndeich margadh is mó: tháinig níos mó ná céad míle turasóir Éireannach chuig na hOileáin Bhailéaracha in 2015.[1]
Tá tábhacht áirithe fós ag an talmhaíocht — almóinní, ológa, fíonta agus glasraí — agus tá tionscal na bpéarlaí saorga i Manacor ar cheann de na tionscail thraidisiúnta is mó cáil. Láimhseáil Aerfort Palma de Mallorca 33.3 milliún paisinéir in 2024, rud a fhágann gurb é an tríú haerfort is gnóthaí sa Spáinn é.[1] Tá iarnród ó thús an 20ú haois idir Palma agus Sóller a ritheann trí thollán faoin Serra de Tramuntana, agus is mór an díol spéise do thurasóirí é ann féin (agus gnáth-iarnród idir Palma agus Inca; tá meitreo ann freisin i bPalma).
Teanga
[cuir in eagar | athraigh foinse]Is í an Chatalóinis teanga dhúchais Mhallorca, agus tugtar mallorquín ar an gcanúint áitiúil, ceann de chanúintí Bailéaracha na teanga. Tá difríochtaí beaga idir chaint na mbailte éagsúla. Tá stádas oifigiúil aici in éineacht leis an Spáinnis faoi Reacht Fhéinrialtais na nOileán Bailéarach, agus tá an t-oideachas dátheangach.[2][1]
De réir suirbhé de chuid an Instituto Nacional de Estadística a foilsíodh in 2021, deir 78% de dhaonra na nOileán Bailéarach go bhfuil siad in ann Catalóinis a labhairt (72% in 1998), ach ní deir ach 60% go labhraíonn siad go maith í, agus deir 18% go labhraíonn siad le deacracht í.[7]
Tá bearna mhór idir an t-eolas agus an t-úsáid, áfach, agus tá an difríocht idir an chathair agus an tuath an-soiléir. De réir taighde a rinne an sochtheangeolaí Joan Melià, is sa Part Forana agus i Menorca is treise atá an Chatalóinis mar ghnáththeanga phobail: labhraíonn 46% de mhuintir na Part Forana Catalóinis de rogha, i gcomparáid le 42% a roghnaíonn an Spáinnis. Is i bPalma agus in Eivissa is laige atá sí. Tá an Chatalóinis ag 99% de na daoine a rugadh ar na hOileáin féin, ach níl sí ach ag 66% de na daoine a rugadh in áiteanna eile sa Spáinn.[8]
Is é sin le rá go bhfuil an teanga níos láidre faoin tuath agus í ag cúlú i bPalma agus sna hionaid saoire cois cósta, áit a gcloistear an Béarla agus an Ghearmáinis go forleathan chomh maith. Ar an taobh eile den scéal, tá líonra bríomhar de nuachtáin áitiúla, de raidió pobail agus d'imeachtaí cultúrtha sa Part Forana a fheidhmíonn go hiomlán trí Chatalóinis, agus tá na féilte traidisiúnta — go háirithe féilte an gheimhridh — ar cheann de na hionaid is tábhachtaí ina n-úsáidtear an teanga go poiblí.




Cultúr
[cuir in eagar | athraigh foinse]Litríocht agus ealaín
[cuir in eagar | athraigh foinse]Rugadh Ramon Llull (c. 1232–1316) i bPalma: fealsamh, diagaire agus misinéir a scríobh saothair fhealsúnacha sa Chatalóinis den chéad uair riamh, agus a mheastar ina athair ar phrós liteartha na teanga sin. Ba as Pollença an file Miquel Costa i Llobera (1854–1922), údar an dáin cháiliúil "El pi de Formentor", agus ba as Manacor an sagart agus an teangeolaí Antoni Maria Alcover (1862–1932), a chuir tús leis an Diccionari català-valencià-balear, an foclóir is cuimsithí dá bhfuil ann don Chatalóinis. Ba as Palma an file Bartomeu Rosselló-Pòrcel agus an t-úrscéalaí Baltasar Porcel.
I measc na gcuairteoirí a bhfuil a n-ainmneacha fite fuaite le stair chultúrtha an oileáin tá an cumadóir Frédéric Chopin agus an scríbhneoir George Sand, a chaith geimhreadh 1838–39 i mainistir Chartúsach Valldemossa — tréimhse a chuir Sand síos uirthi ina leabhar Un hiver à Majorque — agus an tArd-Diúc Lluís Salvador na hOstaire, a cheannaigh eastáit mhóra ar an gcósta thiar thuaidh agus a scríobh sraith mhór imleabhar faoi na hoileáin. Bhí stiúideo ag an bpéintéir Joan Miró i bPalma ar feadh na mblianta deireanacha dá shaol, agus tá an Fundació Miró Mallorca ann inniu.[1]
Bhí scoil chartagrafaíochta Mhallorca ar cheann de na scoileanna is tábhachtaí san Eoraip mheánaoiseach. D'oibrigh cartagrafaithe, cosmagrafaithe agus déantóirí uirlisí loingseoireachta ar an oileán sa 13ú, sa 14ú agus sa 15ú haois, agus is iad a d'fhorbair an chairt portolan chaighdeánach a bhí riachtanach do na turais fhionnachtana ina dhiaidh sin.[1]
Ceol, damhsa agus bia
[cuir in eagar | athraigh foinse]Tugtar ball de bot ar dhamhsaí traidisiúnta an oileáin: boleros, jotas, fandangos agus mateixes, damhsaí i rithim thrípháirteach. Tháinig athbheochan mhór orthu ó na 1970idí agus tá grúpaí damhsa i mbeagnach gach baile anois. Tá an ximbomba (nó simbomba) fós in úsáid: druma cuimilte a bhfuil craiceann sínte air agus a sheinntear trí mhaide a chuimilt suas síos, gléas atá ceangailte go dlúth le hamhráin gheimhridh Sant Antoni. Is í Maria del Mar Bonet, as Palma, an t-amhránaí Bailéarach is mó cáil sa lá atá inniu ann.
I measc na mbianna tréitheacha tá an sobrassada (ispín bog déanta as muiceoil agus paiprice), an botifarró (putóg dhubh), an ensaïmada (císte cuachta le blonag muice) agus an espinagada de chuid Sa Pobla, pióg le heascann agus glasraí. Tá muc dhubh dhúchasach Mhallorca, an porc negre, á cothú ar an oileán ó ré na Rómhánach ar a laghad.[1]
Na dimonis agus cultúr na tine
[cuir in eagar | athraigh foinse]
Is é an dimoni — an deamhan — an figiúr is buanseasmhaí i mbéaloideas Mhallorca. Tagann sé chun cinn i bhféilte na tine ar fud na bliana, agus is í a bhrí bhunúsach an choimhlint idir an t-olc agus an mhaith: cuireann na deamhain cathú ar an naomh, damhsaíonn siad thart ar an tine, ach cloítear iad ar deireadh. Sna ceiliúrtha comhaimseartha, áfach, is minic gurb iad na deamhain féin príomhcharachtair an tsiamsa seachas na naimhde a chaithfear a ruaigeadh.[9]
Féile Sant Antoni
[cuir in eagar | athraigh foinse]
Ceiliúrtar féile Sant Antoni Abat — éarlamh na n-ainmhithe — ar an 16 agus an 17 Eanáir, agus is í an fhéile is mó sa Part Forana í. Tá sí ar bun i Sa Pobla ó 1365 ar a laghad, agus baineann a fréamhacha le geilleagar tréadach na meánaoise, nuair a bhí muintir na háite ag brath ar na beithígh a bheannaigh an naomh. Dearbhaíodh gur féile de spéis turasóireachta í in 1966.[10]
Oíche an 16 Eanáir — an revetla — lastar na foguerons, tinte cnámh móra i lár na sráideanna agus na gcearnóg. Bailíonn na comharsana thart orthu chun feoil a róstadh ar an ngríosach, fíon a ól agus amhráin a chanadh. Bíonn na glosadors i mbun coimhlinte véarsaíochta, ag cumadh rannta ar an toirt agus ag freagairt a chéile os comhair an tslua, agus tionlacan an ximbomba leo. Tagann na buíonta deamhan amach as an halla baile nó as an séipéal agus damhsaíonn siad thart ar na tinte le tionlacan cnaguirlisí.[9][11]
Maidin an 17 Eanáir bíonn na beneïdes, beannú na n-ainmhithe: tugtar capaill, caoirigh, madraí, cait agus éin chuig doras na heaglaise agus siúltar mórshiúl trí na sráideanna. Tá a leagan féin den fhéile ag gach baile — na buíonta deamhan i Manacor agus in Artà, flótaí maisithe i Muro, agus i Pollença an Pi, crann péine sleamhain a chuirtear ina sheasamh sa chearnóg agus a ndéanann daoine iarracht dreapadh air chun na duaiseanna ar a bharr a bhaint amach.[11][12]
Tá an fhéile tar éis taisteal thar lear leis an imirce: eagraíonn muintir Sa Pobla atá ina gcónaí i Barcelona na foguerons i gceantar Gràcia den chathair sin ar an Satharn deireanach d'Eanáir, le mórshiúl, correfoc, tine chnámh mhór i gcearnóg na Virreina agus oíche de bhia rósta, damhsa agus gloses. Cé gur traidisiún iasachta é i mBarcelona, tá sé glactha go hiomlán ag muintir na comharsanachta.[13]

An correfoc
[cuir in eagar | athraigh foinse]Is éard atá sa correfoc — go litriúil "rith tine" — ná mórshiúl sráide ina mbíonn daoine gléasta mar dheamhain, mar aon le béisteanna ar nós dragan agus tarbh, agus iad ag iompar roicéad agus caortha tine agus ag rince i measc an tslua. Tá a fhréamhacha sa ball de diables, damhsa deamhan a bhfuil taifead air ó aimsir na meánaoise, ach níor tháinig an fhoirm reatha chun cinn go dtí an 20ú haois.[14]
Cé gur ó Chatalóin a tháinig an múnla, tá sé glactha go hiomlán i Mallorca. Deirtear gurbh iad na seónna a chuir an compántas Iguana Teatre ar siúl ó 1987 i leith — go háirithe an Nit de Foc i Porto Cristo, áit ar cuireadh aisteoirí gléasta mar dheamhain, pirteicnic agus cnaguirlisí le chéile — an casadh cinniúnach a scaip an correfoc ar fud an oileáin. Ó na 1990idí i leith tá buíonta deamhan agus béisteanna tine bunaithe i Manacor, i Sa Pobla, in Esporles, i Sóller, in Alaró agus i bPalma, agus in 2016 bunaíodh cónaidhm de chuid na mbuíonta sna hOileáin Bhailéaracha chun caighdeáin a leagan síos agus chun malartú a spreagadh leis na grúpaí eile i dtíortha na Catalóinise.[9]
Bíonn correfocs ar siúl freisin i bPalma le linn fhéile Sant Sebastià i lár mhí Eanáir, agus eagraítear tionóil speisialta cosúil leis an Correllums, ina dtagann buíonta éagsúla le chéile. Tá díospóireacht leanúnach ar siúl faoi rialáil na pirteicnice agus faoin tsábháilteacht.[9]
Spórt
[cuir in eagar | athraigh foinse]Tá cáil idirnáisiúnta ar an oileán mar gheall ar an leadóg. Is as Manacor é Rafael Nadal, a bhuaigh 22 chraobh mhór agus a bhí ar bharr rangú an domhain, agus tá acadamh leadóige aige ina bhaile dúchais. Ba as Palma an t-imreoir Carlos Moyá, a bhí ina uimhir a haon ar domhan freisin agus a bhí ina thraenálaí ag Nadal ina dhiaidh sin. Ba as Palma chomh maith Joan Mir, a bhuaigh craobh dhomhanda MotoGP in 2020.[1]
Is é RCD Mallorca príomhchlub sacair an oileáin, agus imríonn sé i bPalma. Tá an t-oileán ar cheann de na cinn scríbe rothaíochta is mó tóir san Eoraip: tagann na mílte rothaí — idir ghairmithe agus lucht caitheamh aimsire — ann i rith an gheimhridh agus an earraigh chun na bealaí sléibhe sa Serra de Tramuntana a thaisteal.[1]
Naisc le hÉirinn
[cuir in eagar | athraigh foinse]Cé gur mhinice Éire agus Mallorca á lua le chéile i gcomhthéacs na turasóireachta, tá roinnt nasc stairiúil eatarthu chomh maith.
Oileán Bhreandáin ar léarscáileanna Mhallorca
[cuir in eagar | athraigh foinse]Baineann ceann de na naisc is sine leis an gcartagrafaíocht. Rinne Abraham Cresques agus a mhac Jafudà, Giúdaigh as Palma, an tAtlas Catalánach in 1375 do rí na hAragóine, agus tugtar léiriú ann ar na hOileáin Bhriotanacha agus ar oileáin fhinscéalacha an Atlantaigh. Ar an gcairt Chatalánach sin cuirtear oileán Naomh Breandán — an Terra Repromissionis a lorg an manach as Cluain Fearta de réir na Navigatio Sancti Brendani — beagán siar ó dheisceart na hÉireann.[15]
Muintir O'Neill agus O'Ryan
[cuir in eagar | athraigh foinse]Shocraigh roinnt teaghlach Éireannach i Mallorca sa 18ú haois, mar chuid de scaipeadh na nGéanna Fiáine a chuaigh i seirbhís rí na Spáinne tar éis dhíshealbhú na gCaitliceach in Éirinn. Rinne an staraí Miquel Ferrer Flórez staidéar ar an dá theaghlach ba shuntasaí, na O'Ryan agus na O'Neill.[16]
Phós Juan O'Neill (1768–1809), mac le Felix O'Neill de bhrainse Chlann Aodha Buí, an Mhallorcach Vicenta Gual y Vives, agus chuir sé faoi ar an oileán. Bhain sé céim Chaptaein Ghinearálta amach in arm na Spáinne sula bhfuair sé bás agus é dhá scór bliain d'aois.[17] Ba de shliocht an teaghlaigh sin an péintéir Joan O'Neill i Rossinyol (Palma, 1828–1907), a raibh cáil air as a chuid tírdhreach agus as a leabhar Tratado del Paisaje, agus a toghadh ina bhall den Acadamh Ríoga Ealaíon i bPalma in 1858.[18]
Robert Graves i nDeià
[cuir in eagar | athraigh foinse]
Is é an nasc liteartha is láidre ná an file agus an t-úrscéalaí Robert Graves (1895–1985), a chuir faoi i sráidbhaile Deià sa Serra de Tramuntana in 1929 agus a mhair ann, ach amháin le linn Chogadh Cathartha na Spáinne agus an Dara Cogadh Domhanda, go dtí a bhás. Tá sé curtha i reilig an tsráidbhaile.
Ba é a athair Alfred Perceval Graves (1846–1931), file Angla-Éireannach a rugadh i mBaile Átha Cliath agus a raibh baint aige leis an Athbheochan Cheilteach; ba é a scríobh na focail don amhrán "Father O'Flynn". Ba é seanathair Robert Graves an tEaspag Charles Graves, Easpag Luimnigh, Ard Fhearta agus Achadh Deo, matamaiticeoir agus scoláire a bhí ar dhuine de na chéad scoláirí a rinne taighde ar an ogham. Bhí Robert Graves féin ina léitheoir díograiseach ar mhiotaseolaíocht na hÉireann, agus baineann a shaothar conspóideach The White Goddess (1948) go mór le haibítir chrainn an oghaim agus le foinsí Gaeilge agus Breatnaise.[19]

Naisc chomhaimseartha
[cuir in eagar | athraigh foinse]Sa lá atá inniu ann is í an turasóireacht an nasc is coitianta. Tá eitiltí díreacha idir Baile Átha Cliath agus Palma ag Aer Lingus agus ag Ryanair araon, agus tógann an turas thart ar thrí huaire an chloig.[20] Tá Éire ar cheann de na deich margadh turasóireachta is mó do na hOileáin Bhailéaracha.[1] Chomh maith leis sin, is ceann scríbe coitianta é an t-oileán do rothaithe gairmiúla, Éireannaigh ina measc, a thagann ann i rith an gheimhridh chun traenáil ar bhóithre sléibhe na Serra de Tramuntana.[1]
Féach freisin
[cuir in eagar | athraigh foinse]Tagairtí
[cuir in eagar | athraigh foinse]- 1 2 3 4 5 6 7 8 9 10 11 12 13 14 15 16 17 18 19 Tá ort na hargóintí 'teideal =' agus 'url =' a shonrú nuair a úsáideann tú {{ lua idirlín}}. "".
- 1 2 "Cóip cartlainne" (ca). Cartlannaíodh an bunleathanach ar 30 Bealtaine 2014. Dáta rochtana: 16 Lúnasa 2026.
- 1 2 3 Tá ort na hargóintí 'teideal =' agus 'url =' a shonrú nuair a úsáideann tú {{ lua idirlín}}. "" (ca).
- ↑ Tá ort na hargóintí 'teideal =' agus 'url =' a shonrú nuair a úsáideann tú {{ lua idirlín}}. "" (ca).
- ↑ Tá ort na hargóintí 'teideal =' agus 'url =' a shonrú nuair a úsáideann tú {{ lua idirlín}}. "" (ca).
- ↑ Tá ort na hargóintí 'teideal =' agus 'url =' a shonrú nuair a úsáideann tú {{ lua idirlín}}. "" (ca).
- ↑ Tá ort na hargóintí 'teideal =' agus 'url =' a shonrú nuair a úsáideann tú {{ lua idirlín}}. "" (ca).
- ↑ Tá ort na hargóintí 'teideal =' agus 'url =' a shonrú nuair a úsáideann tú {{ lua idirlín}}. "" (ca).
- 1 2 3 4 Tá ort na hargóintí 'teideal =' agus 'url =' a shonrú nuair a úsáideann tú {{ lua idirlín}}. "" (ca).
- ↑ Tá ort na hargóintí 'teideal =' agus 'url =' a shonrú nuair a úsáideann tú {{ lua idirlín}}. "" (ca).
- 1 2 Tá ort na hargóintí 'teideal =' agus 'url =' a shonrú nuair a úsáideann tú {{ lua idirlín}}. "" (en).
- ↑ Tá ort na hargóintí 'teideal =' agus 'url =' a shonrú nuair a úsáideann tú {{ lua idirlín}}. "" (en).
- ↑ Tá ort na hargóintí 'teideal =' agus 'url =' a shonrú nuair a úsáideann tú {{ lua idirlín}}. "" (ca).
- ↑ Tá ort na hargóintí 'teideal =' agus 'url =' a shonrú nuair a úsáideann tú {{ lua idirlín}}. "" (ca).
- ↑ Tá ort na hargóintí 'teideal =' agus 'url =' a shonrú nuair a úsáideann tú {{ lua idirlín}}. "" (en).
- ↑ Ferrer Flórez, Miquel. "Irlandesos a Mallorca (Els O'Ryan i els O'Neill)", Memòries de la Reial Acadèmia Mallorquina d'Estudis Genealògics, Heràldics i Històrics, 9 (Palma, 1999), lgh 25–38.
- ↑ Tá ort na hargóintí 'teideal =' agus 'url =' a shonrú nuair a úsáideann tú {{ lua idirlín}}. "" (en).
- ↑ Tá ort na hargóintí 'teideal =' agus 'url =' a shonrú nuair a úsáideann tú {{ lua idirlín}}. "" (ca).
- ↑ Tá ort na hargóintí 'teideal =' agus 'url =' a shonrú nuair a úsáideann tú {{ lua idirlín}}. "" (en).
- ↑ Tá ort na hargóintí 'teideal =' agus 'url =' a shonrú nuair a úsáideann tú {{ lua idirlín}}. "" (en).
