Jump to content

Maxime Rodinson

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
Infotaula de personaMaxime Rodinson

(1970) Cuir in eagar ar Wikidata
Beathaisnéis
Breith26 Eanáir 1915
13ú arrondissement Pháras, An Fhrainc Cuir in eagar ar Wikidata
Bás23 Bealtaine 2004
89 bliana d'aois
15ú arrondissement Marseille, An Fhrainc Cuir in eagar ar Wikidata
Faisnéis phearsanta
Scoil a d'fhreastail sé/síInstitut national des langues et civilisations orientales Cuir in eagar ar Wikidata
Teanga dhúchaisan Fhraincis
Gníomhaíocht
Réimse oibreStair agus socheolaíocht
GairmIslamicist (en) Aistrigh, scoláire an Oirthir, socheolaí, staraí, múinteoir ollscoile Cuir in eagar ar Wikidata
FostóirDámh na nEalaíon Pháras
École pratique des hautes études
Leabharlann Náisiúnta na Fraince Cuir in eagar ar Wikidata
Ball de pháirtí polaitíochtaPáirtí Cumannach na Fraince (1937–1958) Cuir in eagar ar Wikidata
TeangachaAn Fhraincis agus an Eabhrais
Saothar
Mac léinn dochtúireachtaGérard Colin, Jean-Pierre Digard, Hélène Carrère d'Encausse agus Gérard Chaliand
Suíomh a chartlainne
Gradam a fuarthas

Goodreads author: 6557114

Staraí agus socheolaí Francach ab ea Maxime Rodinson (26 Eanáir 1915 – 23 Bealtaine 2004). Marxach ó thaobh na hidé-eolaíochta de, ba saineolaí é Rodinson sa léann oirthearach. Mac le trádálaí éadaí Rúiseach - Polannach agus a bhean chéile ab ea é, ar dúnmharaíodh an bheirt acu i gcampa géibhinn Auschwitz. Tar éis dó teangacha an Oirthir a staidéar, rinneadh ollamh de i nGe'ez (Sean-Aetóipis) ag an École pratique des hautes études. Scríobh sé roinnt mhaith saothar, lena n-áirítear an leabhar Muhammad, beathaisnéis fháidh an Ioslaim.

Chuaigh Rodinson isteach sa Pháirtí Cumannach Francach sa bhliain 1937 ar "chúiseanna morálta" ach díbríodh é as sa bhliain 1958 nuair a nocht sé cáineadh air. Tháinig clú agus cáil air sa Fhrainc nuair a léirigh sé cáineadh géar ar Iosrael, go háirithe i gcoinne bheartais lonnaíochta an stáit Ghiúdaigh.

Tugann roinnt daoine an creidiúint dó as an téarma faisisteachas Ioslamach (Fraincis: le fascisme islamique) a chumadh sa bhliain 1979, téarma a d'úsáid sé chun cur síos a dhéanamh ar Réabhlóid na hIaráine.

Ba inimircigh Ghiúdacha Rúiseacha-Polannacha iad tuismitheoirí Maxime Rodinson a bhí ina mbaill den Pháirtí Cumannach. Shroich siad an Fhrainc ag deireadh an 19ú haois mar dhídeanaithe ó phograim in Impireacht na Rúise. Ba thrádálaí éadaí a athair a bhunaigh gnó ag déanamh éadaí uiscedhíonacha i gceantar Pháras ina labhraítí an Giúdais, ar a dtugtar an Pletzl, i gceantar an Marais. Ba iadsan port cuarda do dhídeanaithe Rúiseacha eile, formhór acu réabhlóidithe a bhí naimhdeach do réimeas na dTsar. Rinne a athair iarracht ceardchumainn a bhunú agus seirbhísí oideachais agus seirbhísí eile a eagrú dá ghrúpa inimirceach den lucht oibre. Sa bhliain 1892, chuidigh sé le leabharlann phobail a bhunú, ina raibh na céadta saothar i nGiúdais, Rúisis agus Fraincis.

Sa bhliain 1920, chuaigh na Rodinsons isteach sa Pháirtí Cumannach agus a luaithe a d’aithin an Fhrainc SFSR na Rúise, sa bhliain 1924, chuir siad iarratas isteach ar shaoránacht Shóivéadach. Tógadh Rodinson i dteaghlach Cumannach díograiseach, neamhreiligiúnach agus frith-Shionach.[1]